Ireland 2016 Peace Proms

Friday, 1st January 2016 – Convention Centre, Dublin

Information Note for Invited Guests

 

The Ireland 2016 Peace Proms takes place on Friday, 1st January 2016 in the Convention Centre, Dublin. This very special concert is hosted by Heather Humphreys T.D., Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht and takes place in partnership with the Cross Border Orchestra of Ireland and the specially formed 32 County Children’s Choir.

 

Arrival Time and Directions for Guests

The doors will open at 3.30 p.m. and guests are invited to arrive from this time. for a reception before the concert begins.

Guests are requested to bring their invitations with them and all guests will be asked to show their invitation on arrival. Guests who received their invitation via email are requested to print the invitation and bring it with them.

On your arrival, you will be greeted by stewards who will be in attendance to assist you.

Light refreshments will be offered to guests at the reception and guests will also be able to purchase additional drinks from the bar during this time.

 

Parking Information

Limited parking facilities will be available in the Convention Centre’s underground car park, which has 320 spaces and 8 disabled spaces. Parking rates are €3.50 per hour, with an evening rate of €10 from 6 p.m. until midnight. Parking can be pre-booked and a handling fee of €1 applies to each transaction.

Further information in relation to the parking facilities available and directions to the venue can be found on the website of the Convention Centre, Dublin, by clicking on the link http://www.theccd.ie/parking .

Details of other car parking facilities close by the Convention Centre, Dublin, can be found on the website http://www.parkopedia.ie/parking/dublin/ .

 

Further information

All guests are requested to be seated by 4.45 p.m. The concert will include an interval of 20 minutes duration and light refreshments will be served to guests during this time. Guests will also be able to purchase additional drinks from the bar during the concert interval. The concert is expected to conclude at 7.30 p.m.

 

* * * * * * * * *

 

 

 

Ceolchoirm Phromanáide Síochána Éire 2016

Dé hAoine, an 1 Eanáir 2016 – an tIonad Comhdhála, Baile Átha Cliath

Nóta Faisnéis d’Aíonna ar tugadh Cuireadh dóibh

 

Beidh Ceolchoirm Phromanáide Síochána Éire 2016 ar siúl Dé hAoine, an 1 Eanáir san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath. Déanfaidh Heather Humphreys, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an cheolchoirm an-speisialta seo a óstáil agus beidh an cheolchoirm ar siúl i gcomhpháirtíocht le Ceolfhoireann Trasteorann na hÉireann agus Cór Leanaí na 32 Contae, a cuireadh le chéile go speisialta.

 

Am Teacht i Láthair agus Treoracha d’Aíonna

Osclófar na doirse ag 3.30 p.m. agus tugtar cuireadh d’aíonna teacht i láthair ón am seo ar aghaidh. Beidh fáiltiú ar siúl sula dtosóidh an cheolchoirm.

Iarrtar ar aíonna a gcuirí a thabhairt leo agus iarrfar ar gach aoi a gcuireadh a thaispeáint ar theacht i láthair dóibh. Iarrtar ar aíonna a fuair a gcuireadh trí ríomhphost an cuireadh a chló agus é a thabhairt leo.

Ar theacht i láthair duit, déanfaidh maoir a bheidh i láthair chun cabhrú leat beannú duit.

Cuirfear sólaistí beagaar fáil d’aíonna ag an bhfáiltiú agus beidh aíonna in ann deochanna breise a cheannach, chomh maith leis sin, ón mbeár ag an tráth seo.

Faisnéis faoi Pháirceáil

Beidh áiseanna teoranta páirceála ar fáil i gcarrchlós faoi thalamh an Ionaid Chomhdhála, ina bhfuil 320 spás agus 8 spás do dhaoine faoi mhíchumas. Is ionann rátaí páirceála agus €3.50 san uair, agus gearrtar ráta tráthnóna €10 ó 6 p.m. go dtí meán oíche. Is féidir páirceáil a chur in áirithe roimh ré agus gearrtar táille láimhseála €1 ar gach idirbheart.

Tá breis faisnéise ar na háiseanna páirceála atá ar fáil agus treoracha chuig an ionad ar fáil ar láithreán gréasáin an Ionaid Chomhdhála, Baile Átha Cliath, trí chliceáil ar an nasc http://www.theccd.ie/parking.

Is féidir teacht ar shonraí faoi áiseanna eile carrpháirceála atá i ngar don Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath ar an suíomh gréasáin http://www.parkopedia.ie/parking/dublin/.

Breis faisnéise

Iarrtar ar gach aoi a bheith ina shuí nó ina suí faoi 4.45 p.m. Beidh sos 20 nóiméad ann i rith na ceolchoirme agus déanfar freastal ar aíonna le sólaistí beaga lena linn seo. Chomh maith leis sin, beidh aíonna in ann deochanna breise a cheannach ón mbeár i rith shos na ceolchoirme.  Beifear ag súil leis go gcuirfear deireadh leis an gceolchoirm ag 7.30 p.m.

 

* * * * * * * * *